SALANN MARA AN DAINGIN
Déanta leis an ngrian, an ghaoth agus an fharraige amháin
Tógann sé am, foighne agus na dúile chun ár salann mara a dhéanamh.
Cnuasaithe go cáiréiseach de láimh, ní úsáidimid ach grian, gaoth agus uisce gléineach an Atlantaigh – próiseas séasúrach nach bhfuil le fáil in aon áit eile in Éirinn is atá caoin ó thaobh na timpeallachta.
Ó fharraigí glana Chorca Dhuibhne a thagann an sáile, bailithe de láimh. Úsáidtear modh inbhuanaithe chun an salann a bhaint, agus is é an modh nádúrtha seo a chaomhnaíonn blas ar leith agus mianraí folláine an tsalainn.
Bain taitneamh as, Tom & Moe.
Dingle Sea Salt | Salann Mara an Daingin
-

Déanaimid ár salann mara ar shlí atá pas difriúil
-

Salann mara ar leith a bhíonn ann dá bharr
-

Bímid ag gníomhú go háitiúil is ag smaoineamh go domhanda
Príomhghrianghraf: An Tiaracht, John CrowleyAistriúchán: Simon Ó Faoláin

