Modh

 
 
 

Déanta leis an ngrian, an ghaoth agus an fharraige amháin.

Bímid ag brath ar na dúile chun ár salann mara a dhéanamh, próiseas faoi anáil na séasúr agus iad ag teacht is ag imeacht.

Tugaimid ómós do thraidisiún ársa déanta salainn mhara trí ghalú gréine, ag tógáint air seo chun ceann a thabhairt d'aeráid Chorca Dhuibhne.

Is iad na dúile a thiomáineann ár bpróiseas criostalaithe nádúrtha ar ísealcharbón, ag galú an tsáile i dtolláin ghalaithe shaindéanta, ag fágaint salainn mhara ina dhiaidh atá lán mianraí agus le blas sainiúil dá chuid féin.

  • Dingle Sea Salt hand harvesting

    Bailiú an tSáile

    Nuair a bhíonn sámhnas ar an bhfarraige, bailímid sáile gléineach fuar an Atlantaigh atá mórthimpeall ar Chorca Dhuibhne, á scagadh ag a fhoinse chun cinntiú go mbíonn ár mbunábhar aonair áitiúil amháin glan agus úr.

  • Dingle Sea Salt evaporation

    Galú gréine

    Aistrítear an sáile íon go dtí ár dtolláin ghalaithe shaindéanta, áit a úsáidtear teas na gréine agus gaoth thréan an cheantair chun an sáile a ghalú go mall.

  • Dingle Sea Salt harvesting

    Bailiú agus triomú

    Tógann gach ualach idir laethanta agus seachtainí chun triomú, ag brath ar an séasúr.
    A luaithe is atá an galú críochnaithe, bailímid na criostail shalainn mhara go cáiréiseach lenár lámha, sara ndéantar an triomú deireanach orthu.

  • Dingle Sea Salt hand finishing

    Bailchríoch

    Tá gach uile cróca uathúil ann féin; pacáilte de láimh, brandáilte le teas, agus bailchríochnaithe go cáiréiseach. Ar an mbealach seo is féidir linne, agus tusa, a bheith cinnte faoin gcaighdeán is airde.