Salann Mara

 
 

100% Salann Mara Atlantaigh na hÉireann

Faic curtha leis. Glan go nádúrtha 

Tá idir sceirdiúlacht agus áilleacht ag baint le cósta Chorca Dhuibhne. Buaileann an tAigéan Atlantaigh leis an míntír anseo le halltacht dhiamhar ar uairibh – seo foinse ár salann mara.

Tá ár salann mara 100% glan agus gan scagadh – ní chuirtear breiseáin, oibreáin fhrithstolptha ná hoibreáin thuartha leis riamh.

Caomhnaíonn ár ngalú nádúrtha mall dúile na mara, ag cruthú criostal  salainn mhara atá lán mianraí le blas atá géar ar dtús le críoch mhilis.

Tá na huiscí atá mar fhoinse againn lán de mhianraí agus riandúile nádúrtha a eascraíonn as na huiscí íona mórthimpeall cóstaí Chorca Dhuibhne. Is gnách do na mianraí tábhachtacha seo a bheith bainte as gnáthshalann boird le linn a phróiseála. Bíonn Salann Mara an Daingin saibhir ó thaobh potaisiam, le leibhéil níos ísle de sóidiam ná gnáthshalann boird, agus tá flúirse mianraí agus riandúile ann (leithéidí cailciam is maignéisiam) a chuireann le blas sainiúil ár salainn mhara.

I measc na slite gurbh fhéidir leis an bpotaisiam i do bhia dul chun tairbhe do shláinte tá faoiseamh ar bhrú fola ard, feabhas ar fhadhbanna áirithe de chuid an chroí agus na nduan, feabhas ar neart na matán, feidhmiú leictrilítí agus an néarchórais. Má íslítear an leibhéal sóidiam a itear is féidir leis seo dul chun leas brú fola, rud a laghdaíonn an baol ó strócanna agus galar croí. 

Ag baint leas as glaineacht an nádúir

  • Dingle_Sea_Salt_ceramic_jar

    Cróca cré 100 g

    Gan ann ach ábhair nádúrtha marthanacha, tá ár gcróca cré deartha le húsáid agus le taispeáint ar feadh na mblianta fada.

    Tá gach cróca lámhchríochnaithe uathúil. Saor ó phleastach, tá ár gcrócaí déanta as ábhair atá inathúsáidte nó athchúrsálta, rud a chinntíonn go mbainfidh ár salann mara tú amach agus cuma úrnua air.

  • Dingle_Sea_Salt_refill-pouch

    Púitse athlíonta 100 g

    Chun do chróca cré a athlíonadh, tá púitsí athlíonta 100 g curtha ar fáil againn.

    Lena líneáil planda-bhunaithe, tá ár bpúitse athlíonta saor ó phleastach agus tá sé 100% déanta d'ábhair atá deimhnithe a bheith inmhúirínithe.