MANA

 
 
 

Déan rud amháin agus déan i gceart é.

 

Salann mara - agus salann mara amháin - a dhéanamh a mbíonn blas iontach air i gcónaí, é den chaighdeán is airde, agus é 100% nádúrtha.


Fan áitiúil.

 

Bainimid úsáid as bunábhair a bhailítear go háitiúil go bhfuil muinín againn astu, bíodh siad bainte ón aigéan, ceannaithe go háitiúil, nó fásta/cnuasaithe againn féin.

Bímid ag obair leis an bhflúirse tallainne áitiúla ar an leithinis, ag tacú le gnónna agus cúiseanna áitiúla (féach ar ár leathanach Pobal)


Bí caoin leis an bplainéad.

 

Tabhair aire don bparóiste agus tabharfaidh an domhan aire dó féin...

Aire a thabhairt d'áilleacht nádúrtha agus sláinte timpeallachta na talún agus na mara áitiúla.

Ár ndícheall a dhéanamh i gcónaí feidhm a bhaint as teicneolaíocht ísealcharbóin agus fuinneamh inathnuaite chomh fada agus is féidir.

Aithint nach bhfuilimid ann fós, ach go bhfuilimid chun ár ndícheall a dhéanamh a bheith neodrach ó thaobh carbóin faoi dheireadh thiar.

A bheith oscailte i gcónaí do mholtaí a chuirfeadh feabhas ar an ngnó.

Cinntiú thar aon ní eile go mbeidh ár bpacáistiú in-athúsáidte, nó ar a laghad inmhúirínithe, agus é glan ó phlaisteach i gcónaí.


Oidhreacht áitiúil a chur chun cinn.

 

Ómós a léiriú ar mhodhanna traidisiúnta déanta salainn mhara, ach tógáil orthu seo ar shlí a léiríonn meas, chun acmhainní nádúrtha a chaomhnú do na glúinte a thiocfaidh inár ndiaidh.

Ómós áite a fhorbairt ag Salann Mara an Daingin, ag foghlaim faoi oidhreacht chultúrtha Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus í seo a chur chun cinn.