POBAL

 
 

Is bunluachanna de chuid Shalann Mara an Daingin iad pobal agus ceantar.

Tá sé d'ádh ar Chorca Dhuibhne agus an ceantar máguaird go bhfuil roinnt de na daoine is mó tallainne in Éirinn ag cur fúthu ann.

Faigh spléachadh ar chuid d'ár gcomhoibrithe cruthaitheacha fíor-thallannacha anseo...

Agus sinn ag fás, tá Salann Mara an Daingin daingean faoi thacaíocht a thabhairt i gcónaí d'ár bpobal, gnónna agus cúiseanna áitiúla.

Tá sé geallta againn cuid d'ár mbrabús a dháileadh ar na cúiseanna áitiúla agus domhanda seo a leanas:

Cumann Tarrthála Cósta agus Faille Chorca Dhuibhne

taithí phearsanta ag leath d'fhoireann Shalann Mara an Daingin ar dhíograis agus crógacht Cumann Tarrthála Cósta agus Faille Chorca Dhuibhne*. Tacaígí, le bhúr dtoil, lena n-obair thábhachtach.

*Leid – Ní Tom atá i gceist.

Plastic Oceans

Is é an tAigéan Atlantach áitiúil ár mbunábhar amh agus tá fonn orainn é seo a chosaint ar mhaithe ár ngnó agus ar mhaithe na nglúinte a thiocfaidh inár ndiaidh araon.

Is eagras domhanda neamhbhrabúis é Plastic Oceans a bhíonn ag iarraidh daoine a chur ar an eolas faoi úsáid phlaistigh agus iad a spreagadh chun machnamh ar an tslí go mbíonn seo á úsáid ar bhonn domhanda. Téann siad i ngleic le fadhb truaillithe an phlaistigh ag a foinse, ag léiriú conas mar a dheineann seo díobháil ní hamháin d'ár bhfarraigí, ach do gach neach beo.