ÁR SCÉAL

 
 
 

Bhí fonn ar Tom agus Moe salann mara a dhéanamh.

Bhí fonn orthu é seo a dhéanamh ar shlí inmharthana ag baint úsáid as an modh ársa barántúil, le cumhacht na ndúl amháin. Ag cur fúthu i gCorca Dhuibhne, atá álainn ach fiain ó thaobh na haimsire dhe, thuigeadar gur dhúshlán a bheadh ann. 

Dá bhrí sin chuadar ag surfáil chun machnamh faoi... 

Bhogamar go Corca Dhuibhne lenár bpáirtí timpeall na bliana 2015. San áit seo thiteamar i ngrá le fiaintas agus áilleacht nádúrtha na talún agus na mara. D'fhás cairdeas eadrainn de bharr an dúil mhór i surfáil atá againn beirt, agus is ar an uisce a ling an smaoineamh chughainn salann mara a dhéanamh trí ghalú gréine.  

Nuair a tháinig ár leanaí féin ar an saol, chuir sé seo ar ár súile chomh tábhachtach is atá sé acmhainní an phlainéid a chaomhnú do na glúinte a thiocfaidh inár ndiaidh. Toisc go bhfuil meas againn araon ar an timpeallacht nádúrtha, bhraitheamar gur ghá dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar an mbealach a ndéantar salann mara i dtíortha níos fuaire ar nós Éireann. Níor cheadmhach dúinn glacadh leis an ngnáthchleachtas.

Ag tarraingt ar an eolas a bhí againn cheana féin, cheapamar modh ísealcharbóin chun salann mara uathúil a chruthú trí fheidhm a bhaint as na dúile go raibh an oiread sin aithne againn orthu ó bheith ag surfáil. Ag úsáid uiscí fíorghlana Atlantaigh an cheantair, chomh maith le cumhacht ghréine agus ghaoithe, chruthaíomar salann mara ar shlí atá caoin don gcomhshaol.

Faoi anáil thimpeallacht ionspráideach Chorca Dhuibhne, thosnaíomar ag forbairt ár modh táirgíochta sa bhliain 2019. An próiseas ar leith a bhíonn á úsáid againne, níl a leithéid le fáil in aon áit eile in Éirinn agus níl de dhíth air ó thaobh cumhachta ach gathanna na gréine agus feothain iomadúla gaoithe Chorca Dhuibhne. Le gach séasúr tá feabhas ag teacht ar ár gceardaíocht, ag nascadh na ndúl le pas beag eolaíochta agus ualach den triail agus earráid.

Faoi dheireadh, sa bhliain 2021, bhí foirfeacht ceardaíochta bainte amach againn agus tháinig Salann Mara an Daingin ar an saol.